Liturgical Readings for: Sunday, 2nd June, 2013
Liturgical notes: Ss Marcellinus and Peter, martyrs are not celebrated today
Today's Readings
Readings in English
AN CHÉAD LÉACHT: Geineasas 14:18-20
Agus thug Meilcizidic rí Sheáléim arán agus fíon amach; ba shagart le Dia ró-ard é. Chuir sé a bheannacht air á rá:
“Bíodh beannacht ar Abrám ó Dhia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún. Moladh le Dia ró-ard mar gur chuir sé do naimhde faoi do smacht.”
Agus thug Abrám deachú den uile ní dó.
SALM LE FREAGRA. Sm 109 Freagra : Is sagart thú go brách de reir ord Melcisedec.
I. Dúirt an Tiarna le mo Mháistir: 'Bí i do shui ar mo dheis go gcuire me do naimhde faoi do chosa.' Freagra
2. Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta as Síón amach: bí ag rialú i measc do naimhde. Freagra
3. Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa: amhail drúcht roimh réalta na maidine ghin mé thú. Freagra
4. Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air: is sagart thú go brách de réir ord Melcisedec. Freagra
AN DARA LÉACHT: 1 Coirintigh 11:23-26
A bhráithre, is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna Íosa le tabhairt ar láimh, thóg sé arán agus, ar altú dó, bhris agus dúirt: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son; déanaigí é seo mar chuimhne orm.” Mar an gcéanna tar éis na proinne thóg sé an cupa ag rá: “Is é an cupa seo an nuachonradh i mo chuid fola. Déanaigí é seo mar chuimhne orm a mhinice a ólfaidh sibh é.” A mhinice, más ea, a itheann sibh an t-arán seo agus a ólann sibh an cupa, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé.
AN SOISCÉAL: Lúcás 9:11-17
San am sin chuir Íosa fáilte roimh na sluaite agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta. Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis: “Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mórthimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.” Ach dúirt sé leo: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad: “Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile” – óir bhí timpeall cúig mhíle fear ann. Dúirt sé lena dheisceabail: “Cuirigí ina luí fúthu ina mbuíonta iad, timpeall caoga sa bhuíon.” Rinne siad amhlaidh: iad uile a chur ina luí fúthu. Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua. D’ith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar.
AN BÍOBLA NAOFA © An Sagart
Go To Top  |